Ó Mórna
Filíocht le Máirtín Ó Direáin ón leabhar Ó Mórna
A Fhaoilleáin Uchtbháin
A fhaoilleán uchtbháin
Méanar duit mar táir,
Ar muin na mara glaise,
Ag déanamh láíocht
Le do bhrollach.
A fhaoilleán uchtbháin
Déan malairt liom fiú lá,
Go gcuirfead díom crá
Ar bharr na toinne,
Go mbeidh lonnaí laga gan cás
Ag déanamh láíocht
Le mo bhrollach.



